24. Eadhon dúinne, noch do ghoir sé, ní as na Iúduidhibh amháin, achd fós as na Cineadhachuibh?
25. Mar a deir sé fós a Noséa, Goirfidh mé mo phobal féin, don pobal nár leam; agus mo ghrádh féin, don mhnáoi nach raibh am gradh.
26. Agus teigeamhuidh, an sa nionad a ndubhradh ríu, Ní sibhsi mo phobalsa; go ngoirfighear sa náit chéadna díobh Clann Dé bhi.
27. Agus éighidh Esaías ar Israél, Bíodh go mbeith úimhir chloinne Israel mar ghaineadh na fairge, sléinéochthar a bhfuighleach:
28. Oír do dhéaná sé cúnntas, agus cuirfidh sé a naithghearr é maille ré cómhthrom: óir is cúntas aithghearr do dheana an Tighearna ar an dtalamh.