Romhánach 9:21-30 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

21. A né nach bhfuil cúmhachda ag ceard na críadh ar an gcréafóig, ionnas go ndéanadh sé soitheach chum onóra, agus soitheach eile chum neamhonóra déanádhbhar amháin?

22. Achd má dfulaing Día, chum a fheirge féin a thaisbéanadh, agus a chúmhachd do dhéanamh follus, tré iomad foighide le soighthighibh na feirge hórduigheadh chum damanta:

23. Agus do chum bhfoillseóchadh sé saidhbhreas a ghlóire féin do shoithighibh na trócaire, do ullmhuigh sé ó thús chum glóire,

24. Eadhon dúinne, noch do ghoir sé, ní as na Iúduidhibh amháin, achd fós as na Cineadhachuibh?

25. Mar a deir sé fós a Noséa, Goirfidh mé mo phobal féin, don pobal nár leam; agus mo ghrádh féin, don mhnáoi nach raibh am gradh.

26. Agus teigeamhuidh, an sa nionad a ndubhradh ríu, Ní sibhsi mo phobalsa; go ngoirfighear sa náit chéadna díobh Clann Dé bhi.

27. Agus éighidh Esaías ar Israél, Bíodh go mbeith úimhir chloinne Israel mar ghaineadh na fairge, sléinéochthar a bhfuighleach:

28. Oír do dhéaná sé cúnntas, agus cuirfidh sé a naithghearr é maille ré cómhthrom: óir is cúntas aithghearr do dheana an Tighearna ar an dtalamh.

29. Agus amr a dubhairt Esaías roimhe, Muna bhfágbhadh Tighearna na slúagh siol aguinn, do dhéantáoi sinn mar Shodom, agus do bhíadhmáois cosmhuil lé Gomorra.

30. Ar a nadhbharsin créd a déaram? Go rugadar na Cineacha, nár lean don fhíréantachd, ar an bhfíréntachd eadhon, an fhíréntachd atá on chreideamh.

Romhánach 9