3. Oír an ní nár bhéidir don dligheadh do dhéunamh, ar mbeith dhó anbhfann trés an bhfeól, ar gcur a Mhic féin do Dhía ag cosamhlachd cholla an pheacuigh, agus ar son peacaigh, do dhamnuighe sé an peacadh sa ccoluinn:
4. Ionnus go gcoimhlionfuidhe ceart an dlighe ionnuine, nach siobhlann do réir na colla, achd do réir na Spioruide.
5. Oír an dream atá do réir na féola smuáintighid síad neithe bheanas ris an bhfeóil; achd an dream atá do réir na Spioruide na neithe bheanas ris an Spioruid.
6. Oír is bás gliocas na feóla; achd is beatha agus siothcháin gliocas na Spioruide.
7. Oir is námhadus a naghuidh Dé gliocas na féola: óir ní úmhluigheann sé do dhligheadh Dé, agus fós ní héidir leis.
8. Ar a nadhbharsin an dream atá do réir na féola ní héidir leó toil Dé do dhéunamh.