12. Uime sin, a bráithreacha, ní don fheóil, atámaóid ar bhféitheamhnuibh, ar chor go gcaithfeadhmaóis ar mbeatha do réir na féola.
13. Oír más do réir na féola chaithfidhe bhar mbeatha, do ghéubthaói bás: achd má mharbhthaói gníomhartha na colla leis an Spioruid, do gheubhthaói beatha.
14. Oír an mhéid thréoruighthear lé Spiorud Dé, a síad clann Dé íad.
15. Oír níor ghabhabhair chugaibh Spiorad na seirbhíse a rís chum eagla; achd do ghabhabhair chugaibh Spiorad atharghadh na cloinne, tré ngoirmíd, Abba, a Athair.
16. Do ní an Spioradsa fíadhnuisi lé ar spioriodne, gur clann do Dhía sinn:
17. Agus más clann, is oidhrighe fós sinn; óidhrighe gan amharas do Dhía, agus comhóidhrighe do Chríosd; má fhuilngmíd a néinfheachd ris, ionnus go mbemís a ccómhghlóir ris.
18. Oír measuim nach fíu ná neithe fhuilgemíd sa naimsirse a láthair an ghlóir fhoillséochthar dhúinn.
19. Oír atá feitheamh díthcheallach gach creatúir ag fuireach ré foillsiughadh chloinne Dé.
20. Oír atá an creatúir fá mhursántachd an diomhaóimis, ní dhá thoil féin, achd ar son an té dó chuir fá mhursántachd é,
21. A muinighin go sáorfuidhe an creatúir féin ó sheirbhís na truáillidheachda go sáoirsi ghlóire chloinne Dé.
22. Oír atá a fhios aguinn go bhfuil a nuile chreatúir ag osnaighe agus a bpéin mar mhnaói ré cloinn má ráon rinne gus a nuáirse.