1. A ne nach bhfuil a fhios aguibh, a dhearbhraithre, (óir as ris an luchd agá bhfuil fios an reachda labhruim,) go bhfuil cúmhachda ag an reachd ar dhuine ar feadh a sháoghail?
2. Oir an bhean atá pósda ré fear atá sí ceangailte dhé feadh a sháoghail do réir an reachda; gidheadh dá bhfághadh a fear bás, atá sise sáor ó reachd a nfir.
3. Uime sin ré sáoghal a fir dá raibh sí ag fear éile, goirfighthear meirdreach dhí: gidheadh dá bhfaghaidh a fear bás, atá sí sáor ón reachd; ionnus nach meirdreach í, ar son í bheith ag fear eile.
4. Ar a nadhbharsin, a bhraithreacha, atá sibhse leis marbh don reachd tré chorp Chríosd; ionnus go mbíadh sibh ag fear eile, eadhon, dhosan noch do tógbhadh súas ó mharbhaibh, chum sinne toraidh thabhairt do Dhía.
5. Oír tan do bhámair sa bhfeóil, do bhiodh míangus na bpeacadh, trés an reachd, ag oibriughadh ann ar mballaibh chum toraidh do thabhairt chum báis.
6. Achd a nois atámaid air ar sáoradh ón reachd, ar mbeith don ní lér congmhadh sinn marbh; ionnus go ndéanamaóis seirbís a nuáidheachd na spioráide, agus ní an narsaigheachd na leitre.
7. Ar a nadhbharsin créud a déuram? A né gur peacadh an reachd? nar léige Día sin. Gidheadh, ní raibh fios peacaigh agum achd trés an reachd: oír ní bhíadh éolus air mbíangus agum, muna nabradh an reachd, Na biodh míanghus ort.