9. Ar mbeith a fhios aguinn ar néirghe do Chríosd ó mharbhaibh nach bhfuighe sé bás ní sa mhó; ní bhfuil tighearnus feasda ag an mbás air.
10. Oir ar bhfagháil bháis dó, is don pheacadh fuáir sé bás éunuáir amháin: achd ar mbeith béo dhó, is do Dhía atá sé béo.
11. Agus mar an gcéudna is measda dháoibhsi go bhfuilti go deibhin marbh don pheacadh, agus béo do Dhía tré Iósa Críosd ar Dtighearna.
12. Ar a nadhbharsin na biodh rioghachd ag an bpeacadh ion bhur gcorp sómharbhtha, ionnus go dtiubhradh sibh úmhlachd dó ann ainmhianaibh.