Romhánach 6:18-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

18. Agus ar mbeith dhíbh ar bhur sáoradh ó pheacadh, do rinneadh seirbhísigh don fhíréuntachd dhaóibh.

19. Is mar dhuine labhrum ar son anbhfainne bhur bhféolasa: oír do réir mar thugabhair bhur mbaill na seirbhíseachuibh do neamhghloine agus do bhriseadh na naitheantadh chum éagcóra; tabhruigh a nois mar an gcéudná bhur mbaill na seirbhíseachuibh don fhíréantachd chum náomhthachda.

20. Oír an tan do bhí sibh bhur seirbhíseachuibh ag an bpeacadh, do bhí sibh sáor ó fhíréuntachd.

21. Ar a nadhbharsin créd é an toradh fúarabhair a nuáirsin ann sna neithibh fá a bhfuil náire a nois oraibh? oír as é as críoch dhóibh bás.

22. Achd a nois ar mbeith dháoibh ar bhur sáoradh ó pheacadh, agus ar bhur ndéunamh bhur seirbhiseachuibh dó Dhía, atá toradh aguibh chum náomhthachda, agus an chríoch dheigheanach an bheatha mharrthanach.

23. Oír asé as tuarasdal don pheacadh bás; achd asé tabhartus De an bheatha mhárrthanach tré Iosa Críosd ar Dtighearna.

Romhánach 6