Romhánach 6:1-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Ar a nadhbharsin créd a déurum? An bhfanfum a gcómhnuidhe a bpeacadh, ionnus go líonfadh grás Dé?

2. Nár léige Día sin. Cionnas do fhéadfamaóisne, atá marbh don pheacadh fuireach béo fós ann?

3. A né nach bhfuil a fhios agaibh, an mhéid dhínne do baisdeadh a Níosa Críosd gur baisdeadh sinn ann a bhás san?

4. Ar a nadhbharsin atámuid adhlaice maráon risean tré bhaisdeadh chum báis: ionnus do réir mar do tógbhadh súas Críosd ó mharbhaibh chum glóire a Náthar, gur mar sin mar an gcéudna do dhéunmais siubhal a núaidheachd beatha.

5. Oír dá raibh sinn air ar bplanndughadh maráon rision a gcosmhuilachd a bháis: bíam mar an gcéadna a gcosmhuilachd a eiséirighe:

6. Ar mbeith fhios so aguinn, go bhfuil ar seanduine ar ná chéusadh maráon rision, do chum go sgriosfuidhe corp an pheacaidh, ionnus nách déanamaóis seirbhis ó so súas don pheacadh.

7. Oír an tí fuáir bás, is sáor é ó pheacadh.

8. Agus má fúaramar bás mar áon ré Críosd, creidmid go mairfeam mar an gcéudna maráon ris:

9. Ar mbeith a fhios aguinn ar néirghe do Chríosd ó mharbhaibh nach bhfuighe sé bás ní sa mhó; ní bhfuil tighearnus feasda ag an mbás air.

Romhánach 6