Romhánach 4:12-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

12. Agus na athair an timchillgearrtha ní hé amháin don dreim atá don timchillghearradh, achd mar an gcéudna don dreim leanas lurg chreidimh ar nathar Abraham, noch do bhí aige ann sa neamhthimchillghearradh.

13. Oír ní tré san dligheadh, do rinneadh an gealladh, Dabraham, nó dbá shliochd, go mbiadh sé na oighre ar an domhan, achd tré fhiréantachd an chreidimh.

14. Oír má atá muinntir an dlighe na noidhrighibh, atá an creideamh ar na dhéunamh diomháoin, agus an gealladh neamhthabhachdach:

15. Do bhrígh go noibrigheann an dligheadh fearg: óir gidh bé áit nach bhfuil dligheadh, ní bhfuil bríseadh dlighe ann sin.

16. Uime sin is ó chreideamh, ata a noidhreachd, ionnus go mbíadh si tré ghrasuibh; chum na geallamhna do bheith diongmhála don tsíol uile; ní hé amháin don chuid atá don dligheadh, achd mar an gcéudna don chuid atá do chreideamh Abraham; atá na athair aguinne uile.

Romhánach 4