11. Agus do ghlac sé comhartha an timchillghearrtha, séula fíréantachda an chreidimh do bhí aige an sa neamhthimcheallghearradh: ionnus go mbeith sé na athair ag gach áon do chreidfeadh san neamhthimchillghearradh; do chum go measfuidhe fíréantachd dhóibhsean mar an gcéudna:
12. Agus na athair an timchillgearrtha ní hé amháin don dreim atá don timchillghearradh, achd mar an gcéudna don dreim leanas lurg chreidimh ar nathar Abraham, noch do bhí aige ann sa neamhthimchillghearradh.
13. Oír ní tré san dligheadh, do rinneadh an gealladh, Dabraham, nó dbá shliochd, go mbiadh sé na oighre ar an domhan, achd tré fhiréantachd an chreidimh.
14. Oír má atá muinntir an dlighe na noidhrighibh, atá an creideamh ar na dhéunamh diomháoin, agus an gealladh neamhthabhachdach:
15. Do bhrígh go noibrigheann an dligheadh fearg: óir gidh bé áit nach bhfuil dligheadh, ní bhfuil bríseadh dlighe ann sin.
16. Uime sin is ó chreideamh, ata a noidhreachd, ionnus go mbíadh si tré ghrasuibh; chum na geallamhna do bheith diongmhála don tsíol uile; ní hé amháin don chuid atá don dligheadh, achd mar an gcéudna don chuid atá do chreideamh Abraham; atá na athair aguinne uile.
17. (Mar atá sgríobhtha, Do órduigh mé thú ad athair do chineadhachuibh iomdha,) a bhfíadhnuisi Dé, dar chreid sé, noch a bhéodhuigheas na mairbh, agus ghoireas na neithe nach bhfuil amhail as do bheidis ann.