3. Oír créd é an chúis má nár chreideadar dream áirighe dhíobh? a ndéuna a neamhchreideamhsan fírinne Dé gan eifeachd?
4. Nár léige Día sin: achd, bíodh Día fírinneach, agus gach uile dhuine bréugach; mar atá sgríobhtha, Ar chor go sáorfuidhe thú ad bhríathruibh, agus go mbeartha buáidh an tan bheireas tú breith.
5. Achd má neartuigheann ar néagcóirne cóir De, créd a déaram? An bhfuil Día éagcórach do ní dioghaltus? (mar dhuine labhruim.)
6. Nár léige Día sin: oir don táobh eile cionnas bhias Día na bhreitheamh ar a tsáoghal?
7. Oír má mhéudaighe fírinne Dé trém bhréigsi chum a ghlóiresion; créd fá a ndamantar misi fós mar pheacthach?
8. Agus créd fá nach déanámaoid uile, ionnus go dtiocfadh maithe dhíobh, (do réir mar mhaslaighthear sinne, agus mar a deirid dáoine áirighe) ar a dtig damnúghadh ó cheart, go nabramáoid?
9. Créd eile má seadh? an bhfuilmídne ag breith bháirr? Ní bhfuilmíd, ar éanchor: óir do shuigheamar roimhe so na Iúduighe agus na Gréaguigh uile, do bheith fá pheacadh;
10. Mar atá sgríobhtha, Ní bhfuil firéun ann, fós, ní bhfuil, áonnduine:
11. Ní bhfuil neach ann thuigeas, ní bhfuil neach íarrus Día.
12. Do chláonadar uile, atáid síad a néinfheachd ar na ndéunamh mítharbhach; ní bhfuil neach ann do dhéunadh maith, ní bhfuil, go héinneach.
13. As uáimh osguilte a sgórnach; do rinneadar meabhail lé na dteangthuibh, atá neimh na naithreach neimhe fa na bposuibh:
14. Agá bhfuil a mbéul lán do mhallachdaibh agus do shearbhas:
15. Atáid a gcosa lúath chum fola dhórtadh:
16. Agá bhfuil briseadh croídhe agus anshógh ann a slighthibh:
17. Agus nior aithnigheadar slighe na siothchána:
18. Ní bhfuil eagla Dé a bhfiadhnuisi a súl.
19. Agus atá a fhios aguinne gidh bé ar bith neithe a deir an dligheadh, gur ris a ndreim atá fán dligheadh labhrus sé: ionnus go dtochdfuidh gach uile bhéul, agus go mbeith an domhan uile cionntach do breitheamhnus Dé.