Romhánach 2:17-24 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

17. Féuch, goirthear Iúduidhe dhíotsa, agus muinighidh tú as a ndligheadh, agus do ní tú mordháil as Día.

18. Agus atá fios a thoile agad, agus dearbhuidh tú na neithe as féarr, ar mbéith foghlomtha dhuit ón dligheadh;

19. Agus atáoi dóthchasach go bhfuil tú ad éoluighe ag na dalluibh, ad sholas ag an muinntir atá a ndorchadas,

20. A tfior múinte na ndáoine neamheagnuidhe, ad theagasgóir na leanbabh, ar son go bhfuil foirm a néoluis agus na fírinne agad sa dligheadh.

21. Thusa ar a nadhbharsin mhúineas duine eile, créd nach múineann tú thú féin? Thusa sheanmóireas gan ghoid do dhéunamh, a ndéunann tú féin goid?

22. Thusa a deir gan adhaltrannas do dhéanamh, a ndéanann tú féin adhaltrannas? thusa agá bhfuil gráin ar na hiodhaluibh, an sladann tú a neaglais?

23. Thusa do ní mórdháil as a ndligheadh, an dtabhair tú easonóir do Dhía tré bhriseadh an dlighe?

24. Oír masluighthear ainm Dé thríbhsi eidir na Cineádhachuibh, mar atá sgríobhtha.

Romhánach 2