Romhánach 16:14-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

14. Fáiltighidh do Asincritus, Phlegon, Hermas, Phatrobas, Hermes, agus do na dearbhraithribh atá na bhfarradh.

15. Fáiltighidh do Philológus, agus do Iulias, do Nereas, agus dá dheirbhshiáir, agus do Olimpas, agus do na náomhuibh uile na bhfarradh.

16. Beannaighe féin dá chéile maille ré póig náomhtha. Cuirid eagluiseacha Chríosd beatha agus sláinte chugaibh.

17. Agus íarruim dathchuinge oruibh, a dhearbhráithreach, géurchoimhéud do dhéunamh dháóibh ar an muinntir thógbhus siosma agus is ciontach ré hoilbheim do thabhairt úatha contrarrdha don teagasg do fhoghluim sibh; agus seachnaidh íad.

18. Oír an luchd is cosmhuil ríu so, ní don Tighearna Iósa Críosd do níd síad seirbhís, achd dá mbolg féin; agus meallaid síad ré briathraibh millsi agus ré cluain croidhthe na ndáoine neamhurchóideach.

19. Oir ráinic tuarasgbháil bhur númhlachdsa na huile dháoine. Ar a nadhbharsin atá gáirdeachas orum bhur dtáobhsa: gidheadh is mían riom bheith dháoibh eagnuighe a dtáoibh na maitheasa, agus neamhurchoideach a dtaobh a nuilc.

Romhánach 16