1. Ata dfiachaibh orainne an dream atá láidir éugcrúas na ndáoineadh meirbh diomchar, agus gan ar dtoil féin do leanmhuin.
2. Uime sin déunadh gach áon aguinn toil a chomharsan ré maith chum follamnuighe.
3. Oír ní hí a thoil féin do rinne Críosd; achd, do réir mar atá sgríobhtha, Do luidh imdheargadh na druinge do imdhearg thusa oramsa.
4. Oír gidh bé neithe do sgríobhadh roimhe so is chum sinne theagusg do sgríobhadh íad, ionnus go mbeith dóthchas aguinn tré fhoighid agus tré chómhfhurtachd na sgríobtúr.
5. Agus go dtugaidh Día na foighide agus na cómhfhurtachda dhaóibh bheith dáoininntin a dtáobh a chéile do réir Iósa Críosd:
6. Ionnus go madh héidir libh go háontadhach ré hén bhéul amháin, Día Athair ar Dtighearna Iósa Críosd do mholadh.
7. Uime sin gabhaídh chugaibh a chéile, do réir mar do ghabh Críosd sinne chuige chum glóire Dé.
8. Agus a deirim go raibh Iósa Críosd na mhinistir an timchillghearrtha ar son fírinne Dé, chum geallamhnach na naithreach do dhainniughadh:
9. Agus ionnus go molfadh na cineadhacha Día ar son a throcaire; do réir mar atá sgríobhtha, Ar a nadhbharsa aidmheocha mé thú a measg na Gcineadhach, agus do dhéuna mé ceól dod ainm.