Romhánach 13:4-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Oír a sé searbhfhoghantuidhe Dé é chum do mhaitheasasa. Achd dá ndéarnaidh tú olc, bíodh eagla órt; óir ní go diomháoineach iomchras sé an cloidheamh: óir a sé searbhfhoghantuidhe Dé é, na dhioghaltóir feirge ar an tí do ní olc.

5. Uime sin as éigean bheith úmhal, ní deagla feirge amháin, achd fós ar son coinnsiáis.

6. Oír is uime so íocas sibh cánachus: do bhrígh gur searbhfhoghantuigheadha do Dhía íad, ag déunamh a ndithchill sa ní chéudna.

7. Ar a nadhbharsin tabhruidh a nduálghus do na huile dháoinibh: cánachus don tí dar dúal cánachus; cusdum dom tí dar dúal cusdum; eagla ré san tí ré ar coir eagla; onóir don tí dar cóir onóir.

8. Ná bíodh fíacha ag áoin neach oraibh, achd amháin sibh féin do ghrádhughadh a cheile. (Oír an tí ghrádhaigheas a chómharsa do choimhlíon se an dligheadh.

9. Oír na naitheantasa, Na déuna adhaltrannus, Na déuna dúnmharbhadh, Na déuna goid, Na déuna fíadhnuisi bhréige, Na déuna saint; agus gach aithne eile dha bhfuil ann, atáid go haithghearr fá bhrigh an ráidh so, eadhon, Grádhaigh do chomharsa mar thú féin.

10. Ní dhéanann grádh olc don chomharsain: ar a nadhbharsin a sé an grádh coimhlionadh an dlighe.

11. Agus sin, ré meas na haimsire, gur mithidh dhúinn a nois músgladh ó chodladh: óir is goire dhúinn a nois ar slanughadh na a nuáir do chreideamar.

12. Do chuáidh a noidhche thorainn, agus do dhruid an lá rinn: uime sin teilgeam uáinn oibreacha an dorchaduis, agus cuireann umainn éideadh an tsolais.

13. Síubhlam go cubhaidh amháil sa ló; ní a gcráos ná a meisge, ná a seómradóireachd ná a macnus, ná a gceannarraic ná a dtnúth.

14. Achd cuiridh umuibh an Tighearna Iósa Críosd, agus ná bíodh cúram na colla oraíbh, a míangusuibh.

Romhánach 13