Romhánach 11:8-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Mar atá sgríobhtha, Tug Día spiorad chollatach dhóibh, súile chum nach bhfaicfedis, agus clúasa chum nach ccluinfedís; gus a niugh.

9. Agus a deir Dáibhi, Bíodh a mbórd mar dhúl, agus mar ghléus gabhála, agus mar adhbhair oilbhéime, agus mar mhalairt dóibh:

10. Bíodh a súile dall, chum nach bhfaicfidh síad, agus cromsa a ndromanna a gcomhnuidhe.

11. Uime sin fíafraighim, An bhfúaradar tuisleagh chum go dtuitfedís? nar léigidh Día sin: achd sé a dtuitimsion slánughadh na Ccineadhach, chum tnútha do chur orrthasan.

12. Agus más é a dtuitimsion saidhbhreas an domhain, agus a laghdughadh saidhbhreas na Gcineadhach; a né nach mó ná sin a líonmhuireachd?

13. Oír is ribhsina Cineadhuibh labhruim, do bhrígh gur me easbal na Gcineadhach, onóruighim moifig féin:

14. Dá fhéuchuin an bhféudfuinn ar chor ar bith tnúth do chur ar mo chomhgháol féin, agus cuid éigin díobh do shlanughadh.

15. Oír más é ndíultadhsan is réiteach don domhan, créd é a nathghabháil, achd beatha ó mharbhuibh?

16. Oír má atáid na céadthórrtha náomtha, atá an chuid eile náomhtha mar an gcéudna: agus má atá an fhréamh náomhtha, atáid na géuga leis.

Romhánach 11