18. Ná bíodh uáill ort a naghuidh na ngég. Achd ma bhíonn uáill ort, ní tusa iomchras an fhréamh, achd an fhréamh thusa.
19. Uime sin a déara tú, Do gearradh na géuga dhe, chum go bplainntéochtháoi misi ná náit.
20. Is maith sin; is tré mhíchreideamh do gearradh íad, agus seasuigh tusa tré chreideamh. Ná bí áirdinntinneach, achd biodh eagla ort.
21. Oir ma nar choigill Día na géuga nadúrtha, dob éidir nach ccoigéoladh sé thusa mar an gcéadna.
22. Ar a nadhbharsin tabhair dod aire toirbheartas agus buirbe Dé: a bhuirbe, do tháobh na muinntire do thuit; achd a thoirbheartas, duitsi, dá bhfana tú ann a thoirbheartus: nó gearrfuidhear thusa mar an gcéudna.
23. Agus plainndéochthar íad súd a rís, achd muna bhfanuid síad a míchreideamh: óir is éidir lé Día a gcur a steach a rís.