15. Agus cionus do dhéanuid siad seanmóir, muna chuirtear chuige íad? Mar atá sgríobhtha, O créd é bréaghachd chos na muinntire shoisgéulas an tsiothchain, shoisgéulas neithe maithe!
16. Achd níor úmhluigheadar uile don tsoisgéul. Oir a deir Esaías, A Thighearna, cía chreid dar seanmóirne?
17. Uime sin is tré éisdeachd thig an creideamh, agus an téisdeachd tré bhréithir Dé.
18. Achd a deirimse, A né nach ccúaladar? Do chuáidh a bhfuáim go deimhin fá gach uile thalamh, agus a mbríathra go leithimeal an domhain.
19. Achd a deirim, A né nách raibh a fhios ag Israél? A deir Máoisi ar tús, Cuirfidh mé tnúth oruibh lé cineadh nach bhfuil na chineadh, le cineadh míothuigseach cuirfidh mé fearg oruibh.