1. Pol, searbhfhóghantuighe Iósa Críosd, do goireadh chum bheith na absdal do toghadh chum soisgéil Dé.
2. (Noch do réimhgheall sé tré ná fháidhibh sna sgriobtúraibh náomhtha,)
3. A dtimcheall a Mhic Iósa Críosd ar Dtighearna, (do gineadh do shíol Dháibhi do réir na féola;
4. Do foillsigheadh na Mhac Dé a gcúmhachdaibh, do réir spioraid na náomhthachda, tré eiséirghe ó mharbhaibh:)
5. Tré a bhfúaramairne grása agus absdaltachd, chum úmhlachda an chreidimh; a measg na nuile chineadhach, ar son anmasan:
6. (Eidir a bhfuil sibhsi leis ar bhur ngairm ré Híosa Críosd:)
7. Chugaibhsi uile an mhéid atá sa Róimh, ar bhur ngrádhughadh ó Dhía, agus bhur náomhaibh do réir gharma: Grása agus siothcháin maille ribh ó Dhía ar Nathair, agus an Dtighearna Iósa Críosd.