Psailm 97:6-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Foillsighid na flaithis a fhíréuntachd, agus do chíd na daóine uile a ghlóir.

7. Go madh claóidhte bhéid síad uile noch do ní seirbhís díomháigh grábhálta, noch do ní íad féin aidhbhéil as iodhalaibh: cláonuidh sibh féin dó, a dhée uile.

8. Do chúaluidh Sion, agus do bhí lúathgháireach; do rinneadar inghiona Iúdah subhachus do bhrígh do bhreitheamhnuis, a THIGHEARNA.

9. Oír atá tusa, a THIGHEARNA, árd ós cionn na talmhan uile: atá tú ar hárdughadh go mór ós cionn na nuile dhée.

10. A dhream ler bionmhuin an TIGHEARNA, fúathuighesi an tolc: coimhéuduigh sé anmanna a náomh; sáoruidh sé íad as láimh an pheacaidh:

11. Do síoladh solus do nfíréun, agus lúathgháire don díreach a ccroidhe:

12. Lúathgháirighidh annsa TIGHEARNA, sibhsi a fhíréuna; agus moluidh cuimhne a náomhthachda.

Psailm 97