2. Atá néulla agus dorchadus fa ccuáirt na thimchioll: fíréuntachd agus breitheamhnus is áit a chathaóir ríogha.
3. Téid teine roimhe, agus loisgfe sí a naimhde fa ccuairt na thimchioll.
4. Do shoillsigh a thinteach an domhan: do chonnairc an talamh sin, agus do chriothnuigh sé.
5. Do bhádar na sléibhte ar leaghadh amhuil céir air aghaidh an TIGHEARNA, ar aghaidh THIGHEARNA na talmhan uile.
6. Foillsighid na flaithis a fhíréuntachd, agus do chíd na daóine uile a ghlóir.