Psailm 96:6-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Atá glóir agus dathamhlachd ós a choinne: atá neart agus scéimh iona shanctóir.

7. Tuguidh don TIGHEARNA, a chinéul na bpoibleach, tugaidh don TIGHEARNA glóir agus neart.

8. Tugaidh don TIGHEARNA glóir dhá ainm: tugaidh ofráil, agus tagaidh a steach iona chúirtibh.

9. Adhraidh an TIGHEARNA a scéimh a náomhthachda: bíodh eagla oruibh roimhe, a thalamh uile.

10. Abraidhe a measg na ngeinteadh, Atá an TIGHEARNA a ríoghacht: daingneochar fós an domhan go nach ccorróchar é: do dhéana sé breitheamhnus air na poibleachaibh a bhfíréuntachd.

11. Déindís na flaitheamhnuis gáirdeachus, agus bíodh lúathgháire air an ttalamh; déanadh an mhuir búireadh, agus gach a bhfuil inte.

12. Lingiodh an magh le lúathgháire, agus a bhfuil ann: annsin lúathgháirfid croinn na coilleadh

13. Os coinne an TIGHEARNA: oír atá sé ag teacht, ag teacht do dhéanamh breitheaimhnuis air an ttalamh: do bhéara sé breith air a tsaoghal a bhfíréuntachd, agus air na daóinibh iona fhírinne féin.

Psailm 96