Psailm 96:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Canuigh don TIGHEARNA caintic núadh: canuigh don TIGHEARNA, a thalamh uile.

2. Canuidh don TIGHEARNA, beannuighidh a ainm; foillsighidh a shlánughadh ó ló go ló.

3. Innsighidh a measg na ngeinteadh a ghlóir, a ionganta a measg na nuile phoibleach.

4. Oír is mór an TIGHEARNA, agus is íonmholta go hiomarcach: is ineagla é tair na huile dhée.

5. Oír is iodhail uile dhée na ndaóine: acht isé an TIGHEARNA do rinne na neamhdha.

6. Atá glóir agus dathamhlachd ós a choinne: atá neart agus scéimh iona shanctóir.

7. Tuguidh don TIGHEARNA, a chinéul na bpoibleach, tugaidh don TIGHEARNA glóir agus neart.

8. Tugaidh don TIGHEARNA glóir dhá ainm: tugaidh ofráil, agus tagaidh a steach iona chúirtibh.

Psailm 96