14. Oír ní theilgfidh an TIGHEARNA a dhaóine féin úadh, agus ní thréigfidh sé a oighreachd.
15. Oír fillfidh breitheamhnus chum ceirt: agus leanfuid a nuile dhíreach a ccroidhe é.
16. Cía éireochus súas ar mo shonsa a naghaidh luchd déanta a nuilc? cía chuirfios é féin air mo shon a naghaidh luchta oibrighthe na héagcóra?
17. Acht muna bheith go raibh an TIGHEARNA na chungnamh agam, ní mór nach bíadh manam san nuáidh.
18. A nuáir a dubhras, Sciorruidh mo chos; do chonnaimh do thrócaire súas me, a THIGHEARNA.
19. A niomad mo smuáintighthe ionnam a stigh do thaitnighiodar do chomhfhurtachda rem anam.
20. An mbía cumann riotsa ag cathaóir na hurchóide, noch chumas éaigceart re dligheadh?
21. Coimhcheanglaid íad feín a naghaidh anma a nfíréin, agus damnuighid an fhuil neimhchiontach.
22. Acht biáidh an TIGHEARNA mar chumhdach agamsa; agus mo Dhía mar charraic mo dhídin.
23. Agus fillfe sé orra féin a gcionta agus ann a nurchóid géarrfa sé amach íad; scriosfa an TIGHEARNA ar Ndía íad.