Psailm 90:7-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Oír meathamaoid ann thfeirg, agus atamaoid ar mbuáidhreadh ann do dhíbhfheirg.

8. Do chuir tú ar ccionta ós do choinne, ar bpeacuidhe fóluigheacha ós coinne sholus do ghnúise.

9. Oír do chúadar ar láethe thoruinn ann do dhíbhfheirgsi: caithmíd ar mblíadhna mar sgéul.

10. Láethe ar mbliadhna is deich mbliadhna agus trí fithchid íad; agus má bhíd tre neart ceithre fithchid, is sáothar agus diomhaoineas a neart; oír géarrthar amach é go deithniosach, agus teithmíd romhuiun.

11. Cía dar baithne neart thfeirgesi? nó do dhíbhfheirge, do reír heagla.

12. Teagaisg dhúinn ar laéthe dáiríomh, iondus go ttugam chugainn croidhe eagnuighe.

13. Iompóigh, a THIGHEARNA, ca fad? agus bíodh aithreachus ort a ttáobh do sheirbhíseach.

Psailm 90