Psailm 9:11-17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Cán molta don TIGHEARNA, noch chomhnuighios a Sion: foillsigh a measc an phobail a ghníomhartha.

12. A nuáir do ní sé cúartughadh air fhiul, cuimhnighidh sé orra: ní dhearmadann sé éighiomh na númhal.

13. Déan trócaire oram, a THIGHEARNA; meas mo bhuaidhreadh noch fhuilngim ón muinntir fhúathuighios mé, thusa noch thógbhus súas mé ó gheatadhuibh an bháis:

14. Chor go ttaisbeanfuinn do mholadh uile a ngeatadhuibh inghine Sion: gáirdeocha mé ann do shlánughadh.

15. Do sluigeadh síos na geinte annsa chlais noch do rinneadar: annsa líon noch do fholuigheadar do gabhadh a ccos féin.

16. Aitheantar an TIGHEARNA ris an mbreitheamhnus noch chuireann sé a bhféidhm: gabhthar an ciontach a nobair a lámh féin. Higgaion. Selah.

17. Cuirfighear na ciontaigh go hifrienn, agus a nuile chineadh noch dhearmadas Día.

Psailm 9