Psailm 89:6-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Oír cía annsa spéir is féidir do chomóradh ris an TTIGHEARNA? cía is cosmhuil ris an TTIGHEARNA a measc chloinne na neartmhar?

7. Is cóir eagla do bheith roimhe Dhía a ccoimhthionól a naomh go romhór, agus modh do thabhairt dó ós cionn a bhfuil na thimchioll,

8. A THIGHEARNA a Dhé na slógh, cía atá cosmhuil riot TIGHEARNA ro chumhachdach? agus atá thfírinne ad thimchioll fa gcuáirt?

9. Riaghluidhe tú úabhar na mara: an tan bhíd a tonna ar dtógbháil súas, suáimhnighan tú íad.

10. Do bhris tú Rahab a mblodhibh amhuil duine ar na sháthadh thríd; lé láimh do neirt do spréidh tú do naimhde.

11. Is leatsa na flaitheamhnuis, agus fós is leacht an talamh: an saoghal agus a iomláine sin, do shuighidh tusa íad.

12. Do chruthaidh tú budh thúaidh agus budh dheas: Tábor agus Hermon do dhéanaid lúathgháire ann hainm.

13. Atá rígh neartmhar agad: is láidir do lámh, agus is árd do dheaslámh.

14. Ceart agus breitheamhnus is suigheadh dot chathaóir ríogha: rachaidh trócaire agus fírinne ós coinne haighthe.

15. Is beannuighe na daóine dar baithne a nfuáim gháirdeach: a THIGHEARNA, siubholuid, a solus do ghnúise.

Psailm 89