5. Oír tusa, a THIGHEARNA, atáoi maith agus maithfeach; agus ro thrócaireach don luchd ghairios ort.
6. Tabhair éisdeachd, a THIGHEARNA, dom urnaigh; tabhair aire do ghuth mo ghearáin.
7. A ló mo bhuáidheartha gairfiod ortsa: óir freagorá tú mé.
8. Ní bhfuil do shamhuilse a measc na ndée, a THIGHEARNA; agus ní bhfuilid neithe cosmhuil red oibreachaibh.
9. Tiocfaid na huile chineadhacha do rinnis agus do dhéanaid adhra ós do choinne, a THIGHEARNA; agus do dhéanaid hainm do ghlórughadh.
10. Oír is mór thusa, agus do nír neithe iongantacha: is tú féin Día amháin.