Psailm 81:8-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Eist, ó mo phobal, agus do dhéanadsa fiaghnuise dhuit: ó Israel, ma eístir liom;

9. Ní biáidh ionnadsa día coimhthigheach; agus ní chláonfa tú thú féin do dhía coigcríche.

10. Is misi an TIGHEARNA do Dhía thug súas thú as crích na Hégipte: fosgail do bhéul go fairsing, agus líonfa misi é.

11. Acht níor éisdeadar mo dhaóine rem ghuth; agus níor umhluigh Israel damh.

12. Agus do léigios dóibh imtheachd a míangus a ccroidhe: do shiubhladar iona ccomhairle féin.

Psailm 81