Psailm 81:5-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Mar fhiadhnuise do shuighidh sé é do Ióseph, a nuáir do chuáidh sé thríd thalamh na Hégipte: mar a ccúaluidh mé teanga nar thuigios.

6. Dáthruigh mé a ghúala ó núalach: do sáoradh a lámha ó na potuighibh.

7. A mbuáidhreadh do ghoir tú, agus do sháor mé thú; do fhreagair mé thú a nionad uáigneach na tóirnighe: do dhearbh mé thú láimh ré huisgeadhuibh Meribah. Selah.

8. Eist, ó mo phobal, agus do dhéanadsa fiaghnuise dhuit: ó Israel, ma eístir liom;

9. Ní biáidh ionnadsa día coimhthigheach; agus ní chláonfa tú thú féin do dhía coigcríche.

10. Is misi an TIGHEARNA do Dhía thug súas thú as crích na Hégipte: fosgail do bhéul go fairsing, agus líonfa misi é.

11. Acht níor éisdeadar mo dhaóine rem ghuth; agus níor umhluigh Israel damh.

12. Agus do léigios dóibh imtheachd a míangus a ccroidhe: do shiubhladar iona ccomhairle féin.

Psailm 81