Psailm 79:6-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Dóirt thfearg amach ar na geintibh da nach aithne thú, agus air rioghachtaibh nar ghoir air hainm.

7. Oír a dúadar Iácob, agus do rinneadar fásach dá ionad comhnuigh.

8. Ná cuimhnigh ar naghaidh peacaidh ar sinnsior: tárrthuigheadh do thrócaire sinn go lúath, óir tugadh go ro ísiol sinn.

9. Cabhruidh sinn, a Dhé ar slánuighthe, ar son glóire hanma féin: agus sáor sinn, agus glan sinn ó ar bpeacadhuibh, ar son hanma féin.

10. Cred fá naibéoraidís na geinte, Cáit a bhfuil a Ndía? go naitheantar é a measc na ngeinteadh ós coinne ar súl ré dioghaltas fola do sheirbhíseach noch do dóirteadh.

11. Tigeadh osnadhach an phríosúnaigh ós do choinne; do réir árrachdais do láimhe tárrtháilse na luchd do hórduigheadh chum báis;

12. Agus tabhair dar ccomharsanaibh a sheachd noirid iona mbrollach a scannail féin, re ar scannluigheadar thusa, a THIGHEARNA.

13. Agus sinne do dhaóine agus caóirigh hinnbhir bhéaram buidheachus duit go bráth: agus molfam thú ó ghinealach go ginealach.

Psailm 79