Psailm 78:48-55 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

48. Agus thug a neallach don chloichshneachda, agus a ttréuda do na teinntigh.

49. Do chuir sé orra teas a fheirge, fíoch, agus aingidheachd, agus buaidhreadh, ré cur drochaingiol na measc.

50. Do chomhthromuigh sé slighe dhá fheirg; níor cháomhuin a nanam ó bhás, agus thug sé a mbeatha don phláigh;

51. Agus do bhuáil sé céidgheine na Hégipte; tosach a néirt a bpáilliúnuibh Ham:

52. Agus thug air a dhaoinibh dol thairis mar cháorchaibh, agus do thréoruidh amhuil tréud annsa díothramh íad.

53. Agus do thréoruidh amach íad ré dánachd, agus ní raibh eagla orra: agus dfoluigh a nfairge a naimhde.

54. Agus thug sé íad go himeal a shanctora, an slíabhso, noch do ghnodhuigh a lámh dheas.

55. Agus do theilg amach rompa na geintighe fós, agus do roinn sé oighreachd dóibh re crannchaír, agus thug air threabhuibh Israel aitríughadh iona nionad suidhe.

Psailm 78