46. Agus thug sé a mbiseach don dréollán-teasbhuidh, agus a saothar don lócuist.
47. Do mharbh a bhfíneamhuin ris an gcloichshneachta, agus a ccroinn siocamor ris an gcuisne.
48. Agus thug a neallach don chloichshneachda, agus a ttréuda do na teinntigh.
49. Do chuir sé orra teas a fheirge, fíoch, agus aingidheachd, agus buaidhreadh, ré cur drochaingiol na measc.
50. Do chomhthromuigh sé slighe dhá fheirg; níor cháomhuin a nanam ó bhás, agus thug sé a mbeatha don phláigh;
51. Agus do bhuáil sé céidgheine na Hégipte; tosach a néirt a bpáilliúnuibh Ham:
52. Agus thug air a dhaoinibh dol thairis mar cháorchaibh, agus do thréoruidh amhuil tréud annsa díothramh íad.