Psailm 78:43-49 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

43. A nuáir do chuir a chomharthadha san Négipt, agus a ionganta a magh Soan:

44. Agus diompóidh a srotha a bhfuil; agus a naibhne, go nar bhféidir dhóibh deoch ól.

45. Do chuir sé iona measc iomad cuiléog, noch do ith íad; agus an luisgionn, noch do scrios íad.

46. Agus thug sé a mbiseach don dréollán-teasbhuidh, agus a saothar don lócuist.

47. Do mharbh a bhfíneamhuin ris an gcloichshneachta, agus a ccroinn siocamor ris an gcuisne.

48. Agus thug a neallach don chloichshneachda, agus a ttréuda do na teinntigh.

49. Do chuir sé orra teas a fheirge, fíoch, agus aingidheachd, agus buaidhreadh, ré cur drochaingiol na measc.

Psailm 78