Psailm 78:37-46 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

37. Acht ní raibh a ccroidhe leis, agus ní rabhadar fírinneach ann a chunnradh.

38. Thairis sin, mar do bhí sé trócaireach, do mhaith a ccionta, agus níor sgrios íad: agus dfill sé go minic a fhearg tar a hais, agus níor mhúscail sé a dhibhfhearg uile.

39. Agus do chuimhnigh gur bhfeóil íad; anál do imthighios, agus nach bhfillean.

40. Cá mhéud úair do chorruigheadar é annsa díothramh, agus do chuireadar doilghios air annsa bhfásach!

41. Agus dfilliodar agus do chuireadar cathughadh ar Dhía, agus do chuireadar an Táon Náomhtha Israel a gcuimsi.

42. Níor chuimhnigheadar a lámh, nó an lá do sháor sé íad ó na námhuid.

43. A nuáir do chuir a chomharthadha san Négipt, agus a ionganta a magh Soan:

44. Agus diompóidh a srotha a bhfuil; agus a naibhne, go nar bhféidir dhóibh deoch ól.

45. Do chuir sé iona measc iomad cuiléog, noch do ith íad; agus an luisgionn, noch do scrios íad.

46. Agus thug sé a mbiseach don dréollán-teasbhuidh, agus a saothar don lócuist.

Psailm 78