20. Féuch, do bhuáil sé an charrac, agus do lingeadar uisgeadha amach, agus do thuiligheadar srotha; an bhféadaim sé arán do thabhairt úadh mar an ccéadna? an féidir leis feóil do sholathar dá dháoinibh?
21. Ar a nadhbharsin do chúala an TIGHEARNA sin, agus do bhí ro fheargach: iondus go raibh teine ar na lasadh a naghaidh Iácob, agus mar an gcéadna tháinig díbhfhearg súas a naghaidh Israel;
22. Do bhrígh nar chreidiodar a Ndía, agus nar chuireadar a ndóigh iona shlánughadh:
23. Gidh gur aithin sé do na néulluibh ó náird a núas, agus gur fhoscuil doirse nimhe,