Psailm 74:9-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. Ní fhaicmíd ar ccomharthadha: ní bhfuil áon fháidh ní as mó: ní mó atá áon agá bhfuil a fhios cá fad.

10. Cá fad, a Dhé, bhías a neasccara ag scannlughadh? an mbía an námhuid ag tarcuisniughadh choidhche?

11. Cred fá bhfillionn tú do lámh, do lámh dheas féin? connaimh í ó lár do bhrolluigh.

12. Oír se Día mo Rígh a ríamh, ag oibriughadh slánuighthe a meadhon na talmhan.

13. Do roinn tú a nfairge léd neart: do bhris tú cinn na ndragún annsna huisgeadhuibh.

14. Do bhrúighis cinn an lebhíatan; thugais é mar bhíadh do na daóinibh annsa bhfásach.

15. Do scoilt tú toibreacha agus srotha: do rinnis aibhne móra tirim.

Psailm 74