Psailm 73:8-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Truáillighid, agus labhruid sárughadh le hurchóid: labhruid go hárd.

9. Cuirid a mbéul a naghaidh na neamh, agus siubhluigh a tteanga thríd an ttalamh.

10. Ar a nádhbharsin fillid a dhaóine annso: agus fáisgthior chuca amach uisgeadha chupáin líonta.

11. Agus a deirid, Cionnus is aithne do Dhía? agus an bhfuil éolus annsa té is ro áirde?

12. Feuch, is íadso na cionntuigh, agus na daóine a suáimhneas an tsáogháil; tigid chum saidhbhris.

13. Go deimhin is a ndíomhaoineas do sgagas mo chroidhe, agus do nighios mo lámha a neimhchionntaibh.

Psailm 73