Psailm 72:6-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Tiucfaidh sé a núas amhuil a nfearthuinn air an bhféur géarrtha: mar na ceathaibh fliuchadh na talmhan.

7. Iona láethaibhsin bláithfid na fíréin; agus iomad síothchána an feadh bhías an ghealach ann.

8. Agus biáidh tighearnus aige ó fhairge go fairge, agus ón tsruth go téorannuibh na talmhan.

9. Cláonfuid na fhíaghnuisi an drong áitreabhus annsa díothramh; agus lighfid a naimhde an luáithreadh.

10. Do bhéuraid ríghthe Tarsis agus na noiléan tiodhlacadh: toirbheoruid ríghthe Saba, agus Séba pronta.

11. Agus tuitfidh gach uile rígh síos dá lathair: do dhéanaidh a nuile chineadh seirbhís dó.

12. Oír sáorfuidh sé an teasbhuidheach noch do ní éigheamh, agus an bocht mar an gceadna; agus an té ag nach bhfuil fear tárthála.

13. Do dhéana sé truáighe don bhocht agus do neasbhadhach, agus tárthochuidh sé anmanna na ndeireóil.

14. O mhealladh agus ó fhoiréigion fuáisceoluidh sé a nanam: agus budh dáor a bhfuil iona radharc.

Psailm 72