Psailm 71:8-17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Bíodh mo bhéul líonta led mholadh honóir air feadh an laói.

9. Ná teilg seachad mé a naimsir mo sheanaoise; a nuáir fhaillighios mo neart na tréig mé.

10. Oír labhruid mo naimhde am aghaidh; agus lucht atá ag forfhaire air manam gabhaid comhairle ré chéile,

11. Ag rádh, Do thréig Día é: inghreamuigh agus gabhaidh é; óir ní bhfuil fear a thárthála.

12. A Dhé, ná bí a bhfad uáim: mo Dhía, deithfrigh dom fhurtachd.

13. Bídís claóidhte agus dioghbháite noch atá na neasgcáirdibh dom anam; foluighthear íad lé scannail agus ré easonóir noch íarrus molc.

14. Acht biáidh dóthchus agam do ghnáth, agus cuirfead a gcionn huile mholta.

15. Aithreosuidh mo bhéul thfiréuntacht air feadh an laói do shlánughadh; bíodh nach féidir liom a náiriomh.

16. Rachad air maghaidh a neart an TIGHEARNA Día: trachdad ar thfíréuntachdsa, ar amháin.

17. O Dhé, do mhúinis mé óm óige: agus go nuige so dfoillsigh mé do mhíorbhuile.

Psailm 71