Psailm 71:4-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Mo Dhía, sáor mé, as láimh an chiontuigh, as láimh an duine neimhfhíréunta agus fhíochmhair.

5. Oír is tú mo dhóigh, a THIGHEARNA Día: mo dhóigh óm óige.

6. Is leatsa do congmhadh súas mé ón mbroinn: is tú thug mé ó ionathar mo mhathar: is tusa mholfas mé a ccomhnuighe.

7. Mar iongnadh do bhí mé ag mórán; acht is tusa mo dhídean daingean.

8. Bíodh mo bhéul líonta led mholadh honóir air feadh an laói.

9. Ná teilg seachad mé a naimsir mo sheanaoise; a nuáir fhaillighios mo neart na tréig mé.

10. Oír labhruid mo naimhde am aghaidh; agus lucht atá ag forfhaire air manam gabhaid comhairle ré chéile,

11. Ag rádh, Do thréig Día é: inghreamuigh agus gabhaidh é; óir ní bhfuil fear a thárthála.

12. A Dhé, ná bí a bhfad uáim: mo Dhía, deithfrigh dom fhurtachd.

13. Bídís claóidhte agus dioghbháite noch atá na neasgcáirdibh dom anam; foluighthear íad lé scannail agus ré easonóir noch íarrus molc.

Psailm 71