11. Ag rádh, Do thréig Día é: inghreamuigh agus gabhaidh é; óir ní bhfuil fear a thárthála.
12. A Dhé, ná bí a bhfad uáim: mo Dhía, deithfrigh dom fhurtachd.
13. Bídís claóidhte agus dioghbháite noch atá na neasgcáirdibh dom anam; foluighthear íad lé scannail agus ré easonóir noch íarrus molc.
14. Acht biáidh dóthchus agam do ghnáth, agus cuirfead a gcionn huile mholta.
15. Aithreosuidh mo bhéul thfiréuntacht air feadh an laói do shlánughadh; bíodh nach féidir liom a náiriomh.
16. Rachad air maghaidh a neart an TIGHEARNA Día: trachdad ar thfíréuntachdsa, ar amháin.
17. O Dhé, do mhúinis mé óm óige: agus go nuige so dfoillsigh mé do mhíorbhuile.
18. Anois fós a núair atáim sean agus líath, a Dhé, ná tréig mé; go ttaisbeana mé do neart don ghinealachso, agus do chumhachda do nuile dhuine thiucfas.
19. Atá thfíréuntacht fós ro árd, a Dhé, noch do rinne neithe móra: a Dhé, cía is cosmhuil riotsa!
20. Thusa noch do thaisbéin damh buáidheartha iomdha neimhneacha, béodhochair mé a rís, agus do bhéarair súas mé ó dhoimhne na talmhan.