Psailm 69:5-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. A Dhé, is aithne dhuitse mo leimhe; agus ní bhfuil mo chionta a bhfolach ort.

6. An drong atá ag feithiomh ortsa, a THIGHEARNA Día na slúagh, na claóidhthear íad ná bíodh náire orra air mo shonsa: an drong íarrus thusa, a Dhé Israel.

7. Do bhrígh gur iomchair mé scannail ar do shonsa; atá maghaidh a bhfolach lé náire.

8. Do rinneadh coimhthigheach dhíom dom dhearbhráithribh, agus eachtrannach do chloinn mo mhathar.

9. Oír a duáigh éad do thighesi súas mé; agus do thuit achmhusán na druinge do scannluigh thú orum.

10. Agus do ghuil mé, agus do bhí manam a ttrosgadh, agus do chuíreadh sin a cceann mo scannlach.

11. Agus do rinneas mo chulaidh do shaicéadach; agus do bhí mé am shean-fhocal acasan.

12. Agus do labhradar an luchd shuighios annsa gheata am aghaidh; agus an lucht ibhios deoch láidir do rinneadar abhrán orum.

13. Acht misi, atá mo ghuidhe chugadsa a THIGHEARNA, a nam ionghabhála: a Dhé, do réir ro iomad do thrócaire cluin mé, a bhfírinne do shlánaighthe.

Psailm 69