Psailm 68:9-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. Do shil tú fearthuinn thiodhlaictheach a núas, a Dhé, do chomhdhaingnidh tú hóighreacht, an tan do bhí sí tuirseach.

10. Do bhí do choimhthional na ccomhnuidhe inte: do dhaingnigh tú sin do réir do mhaitheasa do na bochtaibh, a Dhé.

11. Thug an TIGHEARNA an focal: bá mór an banna do shoisgéul é.

12. Teithid ríghthe slúagh, teithid: agus roinne sisi noch chomhnuighios a stigh a néadail.

13. Bíodh gur luighiobhair a measg na mbránradh, beithí mar sciatháin coluim ar na bhfolach lé hairgiod, agus a cleiteach ré ór buidhe.

14. A nuáir do spréidh an Tuilechumhachdach ríghthe air a sonsa, do bhí sí mar shneachta a Salmon.

15. Cnoc Dé cnoc Básan; cnoc árd cnoc Básan.

Psailm 68