1. Deanuidh fuaim lúathgháireach do Dhía, a thíortha uile:
2. Canuidh re salmhuibh glóir a anma: tabhraidh glóir dhá mholadh.
3. Abruidh ré Día, Cred é húathbhasuighesi ann hoibribh! tre mhéad do neirt do dhéanaid do naimhde umhla dhuit.
4. Cláonfuidh an talamh uile íad féin duit, agus canfaid salm dhuit; canfaid salm dot ainm. Selah.
5. Tigidh agus féuchuidh oibreacha Dé: is úathbhásach é tre na ghniomh air chloinn na ndáoine.
6. Diompóigh sé a nfairge a bhfearann thirim: do chúadar dá gcois thríd a nabhuinn: annsin do rinneamairne lúathgháir annsan.
7. Riaghluidh sé re na neart go bráth; do chíd a shúile na cineadhacha: ní áirdeochoid na heasáontuigh íad féin. Selah.
8. Beannuighidhsi a phoibleacha, ar Ndíane, agus tugaidh fa deara guth a mholta do chluinsion:
9. Noch coingmhus ar nanam béo, agus nach ttug air ar ccois corrughadh.
10. Oír do dhearbhuidh tú sinn, a Dhé: do theastuidh tú sinn, do réir théastuighthe a nairgid.