Psailm 65:8-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Agus an lucht áitreabhus annsna teórannuibh is faide úaid biáidh eagla red chomharthadhuibh orra: do bhéarair air dhul amach na maidne agus an trathnóna lúathgháir do dhéanamh.

9. Thig tú dféuchuin na talmhan, agus fliucha tú é: cuirfir a saidhbhrios go mór é re habhuinn Dé, lán duisgeadhuibh: ullmhuighidh tú dhóibh arbhar, a nuáir sholáthrus tú é.

10. Cuire tú uisge air a iomairighibh go líonmhar: suighe tú a eitrigheach: do dhéanair bog é ré ceathaibh: beinneochair a mháothain.

11. Cuirídh tú coróin ar an mblíadhain red mhaith; agus silfid do chasain méuthus.

12. Silfid ar inbhior a nfásuigh: agus béid na cnoic lúathghaireach fa ccuairt.

13. Atáid na hinbhir éaduighthe re tréaduibh; agus na gleanta a bhfolach ré harbhar; béicid lé lúathgháir, agus fós canuid.

Psailm 65