Psailm 65:3-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Do rugadar neithe éaigceart buáidh am aghaidh: sgagfa tusa, ar saruighthe.

4. Is beannuighe an té thoghas tú, agus do bheirir a ngar, do dhéana sé comhnuighe ann do chuirtibh: saiseochthar sinne re neithibh maithe do thighe, do theampuill náomhtha.

5. Re neithibh úathbhásacha fhregeoras tú sinn a bhfíréantachd, a Dhé ar slánaighthe; dóthchus uile theóranna na talmhan, agus na fairge noch atá a bhfad úainn:

6. Noch dhiongmhalas na sléibhte re na neart; agus é ar na thimchiollughadh ré cumhachta:

7. Noch shuáimhnighios fuáim na fairge, fuáim a ttonn, agus comhmbuaidhreadh na ndaóine.

8. Agus an lucht áitreabhus annsna teórannuibh is faide úaid biáidh eagla red chomharthadhuibh orra: do bhéarair air dhul amach na maidne agus an trathnóna lúathgháir do dhéanamh.

Psailm 65