Psailm 63:3-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Oír is féarr do chinéul grádhach, ná beatha, molfa mo bhéul thú.

4. Marso bheinneochad thú an feadh mhairfiod: ann thainm tóigfiod súas mo lámha.

5. Sáiseochthar manam mar budh le méathus agus le smior; agus re puisinibh gairdeacha mholfas mo bhéul thú:

6. A núair chuimhnighim ort air mo leabuidh, agus annsa noidhche fhaire mar smuáinim ort.

7. Do bhrígh go rabhuis mar chabhair agam, agus do dhéan gáirdeachus a sgáile do sciathán.

8. Leanaidh manam go dlú ort: connmhann do lámh dheas súas mé.

9. Agus an lucht íarrus manam, chum a mhillte, rachaid annsna codchaibh is isle don talamh.

Psailm 63