Psailm 57:4-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Atá manam a measg leomhan: luighim a measc druinge atá re theinidh, eadhon clann na ndaoine, dar gháethe agus soighde a bhfíacla, agus gur cloidhmhthe géara a tteangtha.

5. Bi ar hárdughadh, ós cionn na bhflaitheamhnus, a Dhé; do ghlóir ós an ttalamh uile.

6. Dullmhuigheadar líon a ccoinne mo choiscéimigh; do chláon manam síos: do thochladar log romham, do thuiteadar féin iona mheadhón. Selah.

7. Atá mo chroidhe ullamh, a Dhé, atá mo chroidhe ullamh: canfad agus do dhéanad moladh.

8. Músgail súos, ó mo ghlóir; dúisighe a shaltracha agus a chláirseacha: múisgeola mé air maidin.

9. Molfad thú, a measc na ndaoine, a THIGHEARNA: canfad duit a measg na gcineadhach.

Psailm 57