1. Tabhair clúas dom bhriathruibh, ó a THIGHEARNA, meas mo smúaintighe.
2. Eíst ré guth mo éighmhe, ó mo Rígh, agus mo Dhía: óir is chugadsa ghuidhfeas mé.
3. Cluinfir mo ghuth air maidin, ó a THIGHEARNA; air maidin díreochaidh mé múrnaigh chugad, agus féuchtad súas.
4. Oir ní Día thú agá bhfuil dúil a nurchoid: ní mó choimhneochus olc maílle riot.
5. Ní sheasfaid na hamadáin ann do radharc: súathuighionn tú a nuile luchd déanta na héagcóra.
6. Scriosfa tú an luchd do labhrus bréug: biáidh fúath ag an TTIGHEARNA air a nduine fhuilteach agus mheabhlach.